1. Cad a déarfaimid, mar sin, faoi Abrahám, ár sinsear de réir na feola?
2. Más mar gheall ar a ghníomhartha a fíréanaíodh Abrahám, tá cúis mhórála aige, ach ní i bhfianaise Dé é,
3. mar cad é seo a deir an scrioptúr: “Chreid Abrahám Dia agus áiríodh é sin mar fhíréantacht aige.”
4. Nuair a dhéanann duine píosa oibre ní mar aisce a áirítear a thuarastal ach mar cheart.
5. An duine, áfach, nach ndéanann aon ní ach creidiúint sa té a fhíréanaíonn an t‑éagráifeach, áirítear a chreideamh mar fhíréantacht aige.
6. Ar an gcuma chéanna go díreach tráchtann Dáiví ar aoibhneas an duine ag a n‑áiríonn Dia fíréantacht gan spleáchas do ghníomhartha:
7. Is aoibhinn dóibh siúd ar maitheadh a gcionta dóibh agus ar clúdaíodh a bpeacaí.
8. Is aoibhinn don duine nach gcuireann an Tiarna a pheaca ina leith.
9. An do mhuintir an timpeallghearrtha an t‑aoibhneas seo nó fós don mhuintir atá gan timpeallghearradh? Táimid a rá “gur áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht ag Abrahám”.
10. Ach conas a áiríodh? Tar éis a thimpeallghearrtha nó sular timpeallghearradh é? Ní tar éis a thimpeallghearrtha é ach roimhe sin,
11. mar is amhlaidh a fuair sé comhartha an timpeallghearrtha mar shéala ar an bhfíréantacht a bhí aige de bharr a chreidimh sular timpeallghearradh é. Is sinsear é, mar sin, do na daoine neamhthimpeallghearrtha go léir a bhfuil creideamh acu agus ag a n‑áirítear an fhíréantacht dá bharr;
12. agus is sinsear chomh maith é don mhuintir atá timpeallghearrtha ach nach timpeallghearrtha amháin atá siad ach go leanann siad ina theanntasan lorg an chreidimh a bhí ag ár sinsear Abrahám sul ar timpeallghearradh é.