Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 3:4-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: “Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.”

5. Ach má dhéanann ár gcuid urchóide fíréantacht Dé a léiriú, cad a déarfaimid? An bhfuil Dia éagórach má agraíonn sé a chuid feirge orainn? i dtéarmaí an duine atáim ag caint.

6. Níl ná éagórach, mar dá mbeadh conas a thabharfadh Dia breith ar an domhan?

7. Mar sin féin, má dhéanann mo chuid éithighse fírinne Dé a mhéadú agus cur lena glóir, cén fáth a dtugtar breith pheacaigh fós orm?

8. Mar an amhlaidh a “dhéanfaimis an t‑olc chun go dtiocfadh an mhaith as”, teagasc a chasann daoine áirithe linn mar mhilleadh ar ár gclú. Is maith atá a ndaoradh tuillte acu siúd.

9. Cad atá le rá mar sin? An fearr an bhail atá orainne ná mar atá orthusan? Ní fearr ar chor ar bith, mar chuireamar i leith Giúdach agus Gréagach cheana féin go bhfuil siad uile faoi smacht an pheaca

10. de réir mar atá scríofa:Níl oiread agus aon fhíréan amháin fágtha;

11. Níl duine ann a bhfuil tuiscint aigená duine a bhfuil lorg aige ar Dhia.

12. Tá siad uile imithe ar seachrán agus chun fáin le chéile.Níl oiread agus aon duine amháin a dhéanann an mhaith.

13. Tá a scornach mar a bheadh tuama ar leathadh;caint chealgach a bhíonn ar a dteangaagus nimh nathracha faoina mbeola,

14. agus a mbéal lán d'eascainí agus de bhinb.

15. Is lúfar a gcosa chun fuil a dhoirteadh.

16. Eirleach agus ainnise atá ar an mbóthar a ghabhann siad,

17. ach bóthar na síochaná ní aithnid dóibh,

18. ná níl eagla Dé os comhair a súl.

19. Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 3