Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 16:6-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Beannaígí do Mháire, bean a shaothraigh go dian in bhur measc.

7. Beannaígí d'Andronacas agus do Iúinias, comhthírigh agus comhchimí liom féin, a bhfuil iomrá orthu i measc na n‑aspal agus a bhí i gCríost romhamsa.

8. Beannaígí d'Aimpliatas, mo chara ionúin sa Tiarna.

9. Beannaígí d'Urbán ár gcomhoibrí i seirbhís Chríost, agus do mo chara ionúin Stáchas.

10. Beannaígí don Chríostaí tofa úd, Apallaes, agus do theaghlach Airiostobúlas.

11. Beannaígí do mo chomhthíreach, Héaróidión, agus dá bhfuil de Chríostaithe i dteaghlach Nairciseas.

12. Beannaígí do Thrufaena agus do Thrufósa, beirt atá ag saothrú ar son an Tiarna. Beannaígí do Pheirsis ionúin, bean a shaothraigh go dian ar son an Tiarna.

13. Beannaígí do Rúfas atá tofa sa Tiarna, agus dá mháthair, bean ar máthair domsa leis í.

14. Beannaígí d'Aisincriteam, d'Fhleagón, do Heirméas, do Phatrobás, do Hearmás, agus do na bhráithre ina dteannta;

15. d'Fhiolólagas, do Iúilia, do Néireas agus dá dheirfiúr; d'Olumpás, agus do na naoimh go léir ina dteannta.

16. Beannaígí dá chéile le póg naofa. Cuireann eaglaisí uile Chríost a mbeannacht chugaibh.

17. Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad,

18. mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.

19. Rud eile, tá a fhios ag an saol a dhílseacht atá sibh, agus is mé atá ríméadach asaibh. Mar sin féin ba mhaith liom sibh a bheith eolgaiseach ar an maith agus dall ar an olc.

20. Agus déanfaidh Dia na síochána Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh.

21. Cuireann mo chomhoibrí, Tiomóid, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhthírigh, Lúicias agus Iasón agus Sóspatras.

22. Agus cuirimse, Teirt, an té a scríobh síos an litir seo, mo bheannacht chugaibh sa Tiarna chomh maith.

23. Beannacht chugáibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas.

24. (Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh go léir.)

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 16