Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 16:20-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Agus déanfaidh Dia na síochána Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh.

21. Cuireann mo chomhoibrí, Tiomóid, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhthírigh, Lúicias agus Iasón agus Sóspatras.

22. Agus cuirimse, Teirt, an té a scríobh síos an litir seo, mo bheannacht chugaibh sa Tiarna chomh maith.

23. Beannacht chugáibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas.

24. (Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh go léir.)

25. Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta

26. ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile d'fhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh.

27. Moladh le Dia, an t‑aon Dia eagnaí, trí Íosa Críost le saol na saol. Amen.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 16