15. d'Fhiolólagas, do Iúilia, do Néireas agus dá dheirfiúr; d'Olumpás, agus do na naoimh go léir ina dteannta.
16. Beannaígí dá chéile le póg naofa. Cuireann eaglaisí uile Chríost a mbeannacht chugaibh.
17. Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad,
18. mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.
19. Rud eile, tá a fhios ag an saol a dhílseacht atá sibh, agus is mé atá ríméadach asaibh. Mar sin féin ba mhaith liom sibh a bheith eolgaiseach ar an maith agus dall ar an olc.
20. Agus déanfaidh Dia na síochána Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh.
21. Cuireann mo chomhoibrí, Tiomóid, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhthírigh, Lúicias agus Iasón agus Sóspatras.
22. Agus cuirimse, Teirt, an té a scríobh síos an litir seo, mo bheannacht chugaibh sa Tiarna chomh maith.