Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 16:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Fágaim cúram ár siúrach Féibé oraibh. Feidhmeannach san eaglais i gCeinchré is ea í.

2. Fáiltígí roimpi ar son an Tiarna mar is dual do na naoimh agus cuidigí léi in aon ní a mbeidh gá aici libh: mar is iomaí duine ar sheas sí leis agus liom féin chomh maith.

3. Beannaígí do mo chomhoibrithe in Íosa Críost, do Phriosca agus d'Acula,

4. a chuir a gceann i mbaol ar son m'anamasa; agus ní mise amháin atá buíoch díobh ach eaglaisí uile na ngintlithe chomh maith.

5. Beannaígí freisin don eaglais ina dteachsan. Beannaígí do mo chara ionúin, Eapaenatas, an chéad duine san Áise a ghabh le Críost.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 16