Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 15:20-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Bhí sé ina phrionsabal agam gan an dea-scéal a fhógairt áit ar bith ach an áit nach raibh trácht ar ainm Íosa cheana, le heagla go mbeinn ag tógáil ar bhonn a bhí leagtha ag duine eile,

21. ach déanamh mar atá scríofa:“Iad siúd nach bhfuair scéala air, feicfidh siad éagus iad siúd nár chuala trácht air tuigfidh siad.”

22. Sin é an fáth a raibh bac chomh minic sin orm teacht chugaibh.

23. Ach ós rud é nach bhfuil a thuilleadh slí chun oibre sna críocha seo agam, agus go bhfuilim le blianta fada ag tnúth le dul ar chuairt chugaibh,

24. nuair a bheidh mé ag dul chun na Spáinne, tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh agus mé ar mo bhealach anonn, agus go ndéanfaidh sibhse mé a thionlacan ar aghaidh ann, tar éis dom tamall aoibhnis a thabhairt in bhur gcuideachta ar dtús.

25. I láthair na huaire, áfach, táim ag dul go Iarúsailéim le cabhair do na naoimh.

26. Thograigh an Mhacadóin agus Acháia bailiúchán airgid a dhéanamh i gcomhair a bhfuil de bhochtáin ar na naoimh in Iarúsailéim.

27. Ach má tá go ndearna siad, is iad féin atá faoi chomaoin acusan. Mar, má fuair na gintlithe a gcion de mhaoin spioradálta na nGiúdach, ba chóir dóibh fónamh dóibhsean lena maoin shaolta.

28. Chomh luath agus a bheidh an gnó seo curtha i gcrích agam, agus an fáltas seo seachadta slán faoi shéala dóibh, cuirfidh mé chun siúil bhur mbealachsa go dtí an Spáinn

29. agus tá a fhios agam go mbeidh flúirse de bheannachtaí Chríost agam daoibh ar mo theacht dom chugaibh.

30. Táim á iarraidh d'achainí oraibh, a bhráithre, trínár dTiarna Íosa Críost agus trí ghrá an Spioraid Naoimh, cuidiú liom sa choimhlint atá romham le hurnaithe a dhéanamh chun Dé ar mo shon,

31. go dtiocfaidh mé slán ó dhíchreidmhigh Iúdáia agus go mbeidh na naoimh lánsásta le mo chabhair do Iarúsailéim;

32. agus le toil Dé tiocfaidh mé chugaibh faoi lúcháir agus ligfidh mé mo scíth in bhur measc.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 15