Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 14:13-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Éirímis as bheith ag tabhairt breithe ar a chéile feasta más ea agus ina ionad sin cuirigí an méid seo romhaibh: gan ceap tuisle ná titime a chur sa bhealach ar bhráthair.

14. Is eol dom agus táim deimhin de sa Tiarna Íosa nach neamhghlan ní ar bith ann féin; ach má chreideann duine go bhfuil rud neamhghlan is neamhghlan dó sin é.

15. Má bhíonn an bia a chaitheann tusa ag goilliúint ar bhráthair leat, níl tú ag maireachtáil feasta de réir an ghrá. An duine a bhfuair Críost bás ar a shon ná mill é leis an mbia a chaitheann tú.

16. Agus ná tarraingítear míchlú ar an maith seo agaibh,

17. mar ní cúrsaí ite agus óil é ríocht Dé ach fíréantacht agus síocháin agus lúcháir sa Spiorad Naomh.

18. An té a dhéanann seirbhís do Chríost ar an gcuma sin bíonn gean air ag Dia agus gnaoi air ag daoine.

19. Bíodh tóir againn dá réir sin ar an tsíocháin a chothú agus ar bheith ag treisiú le chéile.

20. Ná cuirse obair Dé ar ceal mar gheall ar chúrsaí bia. Tá gach cineál bia glan ann féin ach is olc an mhaise é don duine a mbíonn a n‑itheann sé ina chúis tuisle do dhuine eile.

21. Séard ab fhearr a dhéanamh gan feoil a ithe ná fíon a ól ná gníomh ar bith a dhéanamh a bheadh ina chúis tuisle (nó scannail nó laige) do bhráthair.

22. An creideamh atá agat bíodh sé ina threoir duit féin i bhfianaise Dé. Is méanar don duine nach mbíonn ceist ná amhras air faoin rud a mbíonn a aigne socair air.

23. An duine, áfach, a chaitheann bia agus é idir dhá chomhairle, bíonn sé siúd ciontach toisc nach ó chreideamh é; mar is peaca gach ní nach ó chreideamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 14