Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 14:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bíodh glacadh agaibh leis an duine atá lag sa chreideamh gan dul ag conspóid leis faoina thuairimí.

2. Creideann duine amháin nach miste dó gach sórt bia a ithe, ach an duine atá lag sa chreideamh ní itheann sé ach glasraí.

3. An duine a itheann, ná bíodh drochmheas aige ar an duine nach n‑itheann; agus an duine nach n‑itheann, ná bíodh sé ag tabhairt breithe ar an duine a itheann, mar go bhfuil glactha ag Dia leis siúd.

4. Agus cé hé tusa chun breith a thabhairt ar sheirbhíseach duine eile? Seasann sé nó titeann sé i láthair a mháistir féin. Agus is seasamh a dhéanfaidh sé mar tá sé ar chumas an Tiarna é a choimeád ina sheasamh.

5. Bíonn duine ann agus is rogha leis lá seachas a chéile; duine eile agus is mar a chéile leis gach aon lá. Bíodh gach duine socair faoin gceist ina aigne féin.

6. An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith.

7. Ní dó féin a mhaireann aon duine againn ná ní dó féin a fhaigheann sé bás.

8. Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith. Cibé acu beo nó marbh dúinn, mar sin, is leis an Tiarna sinn.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 14