Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 13:2-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Aon duine, mar sin, a chuireann in aghaidh an údaráis, is in aghaidh ordú Dé a bhíonn sé ag cur, agus na daoine a chuireann ina aghaidh sin tarraingeoidh siad daorbhreith orthu féin.

3. Ní don dea-ghníomh is baol na rialtóirí ach don drochghníomh. An áil leat gan eagla fhear an údaráis a bheith ort? Más áil déan an mhaith agus beidh moladh agat uaidh

4. mar is seirbhíseach Dé é ar mhaithe leat. Ach más é an t‑olc a dhéanann tú, bíodh a eagla ort mar ní gan ábhar a bhíonn an claíomh á iompar aige: is seirbhíseach Dé é chun díoltas a agairt le díbheirg ar an té a dhéanann an t‑olc.

5. Ar an ábhar sin is éigean géilleadh don údarás agus ní le heagla na díbheirge amháin é ach ar mhaithe leis an gcoinsias chomh maith.

6. Is ar an ábhar céanna a íocann sibh cánacha; feidhmeannaigh Dé is ea na bailitheoirí agus caitheann siad a ndúthracht ar an obair seo.

7. Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin d'fhear na cánach agus an dleacht d'fhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis.

8. Ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige.

9. Na haitheanta “ná déan drúise,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”

10. Ní dhéanann an grá aon olc ar an gcomharsa, agus, dá bhrí sin, is é an grá comhlíonadh an dlí.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 13