Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 12:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n‑íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n‑adhradh spioradálta.

2. Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n‑aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.

3. De bhrí an ghrásta a tugadh dom, is é a deirim leis an uile dhuine agaibh gan meas thar ceart a bheith ag aon duine air féin ach é féin a mheas go cothrom de réir tomhas an chreidimh a roinn Dia leis.

4. Faoi mar atá mórán ball san aon chorp amháin againn agus gan an cúram céanna ar aon bhall díobh,

5. is é an dála céanna againn féin é: dá líonmhaire atáimid is aon chorp amháin sinn i gCríost agus gach duine againn ina mbaill dá chéile.

6. Na tíolacthaí atá againn tá siad éagsúil le chéile de réir an ghrásta a tugadh dúinn. Mar sin, an té a fuair bua na fáistine déanadh sé fáistine de réir an chreidimh.

7. An té a fuair bua freastail, déanadh sé freastal: bíodh an múinteoir ag múineadh

8. agus an comhairleoir ag comhairliú; bíodh an t‑almsóir go fial, an fear ceannais go dúthrachtach agus an té a thugann lámh chúnta go gealgháireach.

9. Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith.

10. Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile;

11. bígí dúthrachtach gan leisce, ar lasadh leis an Spiorad, agus ag seirbhís don Tiarna.

12. Bígí suairc le dóchas, seasmhach faoi thrioblóid, ag guí gan staonadh,

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 12