Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 11:11-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ceist eile agam: An é tuisle a dtreascartha a baineadh as na Giúdaigh? Ní hea ar chor ar bith; ach ba chúis slánaithe do na gintlithe a gcoir ar shlí go mbeadh cúis éada ag na Giúdaigh leo.

12. Má ba rath ar an domhan a gcoir agus má ba rath ar na gintlithe a meath, nach mó go mór an rath a bheidh ann nuair a thiocfaidh a líon iomlán isteach.

13. Agus tá rud le rá agam libhse, a ghintlithe: Sa mhéid gurb aspal na ngintlithe mé, is ag méadú m'fheidhmeannais a bheidh mé

14. le mo chine féin a spreagadh chun iomaíochta agus cuid éigin acu a shlánú.

15. Mar, má tugadh an domhan chun athmhuintearais trína gcaitheamh amach, cad a thiocfaidh dá nglacadh ar ais ach beatha ó mhairbh?

16. Más naofa céadtoradh an taois, ní taise don chnapán ar fad é; agus más naofa fréamh an chrainn, ní taise do na craobhacha é.

17. Agus má scoitheadh féin cuid de na craobhacha den chrann olóige agus má nódaíodh thusa, an ológ fhiáin, ina n‑áit sa tslí go bhfuil tú páirteach anois i sú na holóige,

18. ná bí á mhaíomh sin ar na craobhacha scoite. Ach má tá maíomh le déanamh agat, bí ag maíomh nach tusa atá ag iompar na fréimhe ach gurb í an fhréamh atá do d'iomparsa.

19. Déarfaidh tú liom ar ndóigh: “Is ea, ach scoitheadh craobhacha den chrann chun mise a nódú ann.”

20. Tá go maith, ach is mar gheall ar easpa creidimh a scoitheadh iad agus is é do chreideamh atá do do choimeádsa suas. Ná bíodh aon éirí in airde ort, dá bhrí sin, ach eagla.

21. Más rud é nár lig Dia leis na craobhacha dúchais ní ligfidh sé leatsa ach oiread.

22. Tabhair do d'aire cineáltas Dé agus a dhéine: a dhéine a bhí sé orthu siúd a thit ar lár agus a chineáltacht atá Dia leatsa - ma leanann tú faoina chineáltas: ach mura leanann, gearrfar thusa anuas chomh maith.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 11