Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 10:7-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. nó: “Cé a rachaidh síos sa duibheagán?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt aníos ó mhairbh).

8. Ach cad a deir sé? “Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí” (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt).

9. Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mbairbh é, slánófar thú.

10. Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn.

11. Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.”

12. Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t‑aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air,

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 10