Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 1:20-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Mar ó chruthú an domhain i leith tá a thréithe do-fheicthe - a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht - le haithint agus le feiceáil sna nithe atá déanta. Más ea, níl aon leithscéal acu,

21. mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu.

22. Agus iad ag maíomh gur lucht gaoise iad féin, d'imigh siad le baois;

23. mhalartaigh siad glóir an Dé neamhbhásmhair ar íomhánna a raibh cló an duine bhásmhair orthu nó cló éanlaithe nó ainmhithe nó péisteanna.

24. Sin é an fáth ar thug Dia suas iad don mhígheanmnaíocht de réir ainmhianta a gcroí, sa tslí gur thug siad tarcaisne dá gcoirp eatarthu féin.

25. Mhalartaigh siad fírinne Dé ar an mbréag agus thug ómós agus seirbhís don chréatúr mar rogha ar an gcruthaitheoir, moladh go deo leis. Amen.

26. Sin é an fáth ar thug Dia suas do phaisin mhínáireacha iad; mhalartaigh a gcuid ban an taithí nádúrtha ar thaithí mhínádúrtha;

27. agus mar an gcéanna do na fir: thréig siad taithí nádúrtha ban agus las siad le dúil ina chéile, sa tslí go mbíodh fir ag cleachtadh míghnímh le fir agus ag fáil dóibh féin an chúitímh a bhí tuillte ag a gcuid seachráin.

28. Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;

29. bíonn siad líonta den uile shórt urchóide agus mallaitheachta agus sainte agus mailíse; agus bíonn siad lán den fhormad, den dúnmharú, den achrann, den chealg agus den mhioscais; bíonn siad cúlchainteach,

30. béadánach agus bíonn fuath acu do Dhia; bíonn siad uaibhreach, sotalach, maíteach, drochbheartach agus easumhal do thuismitheoirí;

31. bíonn siad gan tuiscint gan tairise, gan taise gan trua.

32. Agus cé gur maith is eol dóibh reacht Dé a deir go bhfuil an bás tuillte ag daoine a dhéanfadh a leithéidí sin, ní hé amháin go ndéanann siad féin iad ach fós molann siad le lucht a ndéanta.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 1