Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 8:15-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Chuir sé a lámh ar a láimh, d'fhág an fiabhras í, d'éirigh sí agus rinne sí freastal air.

16. Nuair a bhí an tráthnóna ann, thug siad chuige mórán a raibh deamhain iontu, agus thiomáin sé na spioraid amach lena fhocal, agus iad seo uile a bhí tinn leigheas sé iad,

17. chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Thóg sé ár n‑éagruais, agus d'iompair sé ualach ár ngalar.”

18. Nuair a chonaic sé slua ina thimpeall, d'ordaigh Íosa dul go dtí an taobh thall.

19. Tháinig scríobhaí chuige agus dúirt: “A Mháistir, leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.”

20. Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”

21. Dúirt fear eile leis, duine de na deisceabail: “A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m'athair a adhlacadh.”

22. Dúirt Íosa leis: “Lean mise, agus lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh.”

23. Ansin chuaigh Íosa ar bord an bháid agus lean a dheisceabail é.

24. Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád á mhúchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh.

25. Agus tháinig siad chuige á mhúscailt ag rá: “A Thiarna, saor sinn, tá an bás againn!”

26. Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” D'éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór.

27. Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: “Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?”

28. Nuair a bhí an taobh eile bainte amach aige, i dtír na nGadairéanach, tháinig faoina dhéin beirt a raibh deamhain iontu ag teacht amach as na tuamaí, agus iad chomh fiata sin nárbh fhéidir do dhuine ar bith an bóthar sin a ghabháil.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 8