Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 7:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh;

2. óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.

3. “Cén fáth a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n‑airíonn tú an tsail i do shúil féin?

4. Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: ‘Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit’; agus sin í an tsail i do shúil féin!

5. A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar.

6. “Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.

7. “Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.

8. Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.

9. Nó cén duine agaibh a n‑iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige?

10. Nó más iasc a iarrann, an sínfidh sé nathair nimhe chuige?

11. Dá bhrí sin, más eol daoibhse, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad?

12. “Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.

13. “Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach.

14. Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é.

15. “Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.

16. Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. An mbaintear fíonchaora de dheilgneach, nó fígí d'fheochadáin?

17. Sa chaoi chéanna, tugann gach crann maith torthaí fónta uaidh, ach tugann an drochchrann drochthorthaí.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 7