Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 6:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. “Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n‑éistfear leo.

8. Ná déanaigí aithris orthu; mar is eol do bhur nAthair na nithe a theastaíonn uaibh sula n‑iarrann sibh air iad.

9. Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí:Ár nAthair, atá ar neamh,go naofar d'ainm;

10. go dtaga do ríocht;go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.

11. Ár n‑arán laethúil tabhair dúinn inniu;

12. agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin;

13. agus ná lig sinn i gcathú,ach saor sinn ó olc.

14. Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibhse freisin.

15. Ach mura maitheann sibhse do chách, ní mó a mhaithfidh bhur nAthair bhur gcionta daoibhse.

16. “Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

17. Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh d'aghaidh,

18. agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag d'Athair atá i láthair faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 6