Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 6:29-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo.

30. Lus an bháin a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh?

31. Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’

32. Nithe iad siúd uile a mbíonn na págánaigh ar a dtóir; rud eile, tá a fhios ag bhur nAthair neamhaí go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin uile.

33. Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.

34. Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amarach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 6