Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 6:20-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar neamh mar nach mbíonn leamhan ná meirg ann chun a mhillte, ná bithiúnaigh ann chun briseadh isteach á ghoid.

21. Óir san áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin.

22. “Is í an tsúil lampa an choirp. Má bhíonn do shúil slán, beidh do chorp ar fad solasmhar.

23. Ach má bhíonn do shúil tinn, beidh do chorp ar fad sa dorchadas. Mar sin, má bhíonn an solas atá ionat ina dhorchadas, nach mór é an dorchadas é sin!

24. “Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.

25. “Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach?

26. “Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná iad sin?

27. Cé agaibh a d'fhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil?

28. Agus cé an fáth a bhfuil sibh imníoch i dtaobh an éadaigh? Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh.

29. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo.

30. Lus an bháin a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh?

31. Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 6