Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 6:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Aire daoibh gan bheith ag déanamh taibhsimh as bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidís faoi deara iad, óir má bhíonn sibh, beidh sibh gan tuarastal i láthair bhur nAthar atá ar neamh.

2. “Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa á shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréagchráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách á moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

3. Ach tusa, ag déanamh déirce duit, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé cad a dhéanann do lámh dheas,

4. ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.

5. “Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréagchráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

6. Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d'Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.

7. “Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n‑éistfear leo.

8. Ná déanaigí aithris orthu; mar is eol do bhur nAthair na nithe a theastaíonn uaibh sula n‑iarrann sibh air iad.

9. Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí:Ár nAthair, atá ar neamh,go naofar d'ainm;

10. go dtaga do ríocht;go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.

11. Ár n‑arán laethúil tabhair dúinn inniu;

12. agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin;

13. agus ná lig sinn i gcathú,ach saor sinn ó olc.

14. Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibhse freisin.

15. Ach mura maitheann sibhse do chách, ní mó a mhaithfidh bhur nAthair bhur gcionta daoibhse.

16. “Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 6