Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 5:37-48 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. Is é amháin is ráite daoibh: ‘Is ea, is ea.’ ‘Ní hea, ní hea.’ Focal thar an méid sin, is ón Olc é!

38. “Chuala sibh go ndúradh: ‘Súil ar shúil, fiacail ar fhiacail.’

39. Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin;

40. agus an té a chuirfeadh an dlí ort chun do léine a bhreith uait, scaoil leis do bhrat chomh maith.

41. An té a chuireann d'fhiacha ort dul aon mhíle amháin leis, gabh leis an dá mhíle.

42. An té a iarrann rud ort, tabhair dó é, agus an té arb áil leis iasacht uait, ná tabhair leis do chúl.

43. “Chuala sibh go ndúradh: ‘Bíodh grá agat do do chomharsa agus fuath agat do do namhaid.’

44. Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí;

45. sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith, agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhíchóir.

46. Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna?

47. Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna?

48. Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 5