Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 5:25-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. An duine a chúisíonn thú, tar chun réitigh leis gan mhoill agus tú ag gabháil na slí leis, le heagla go dtabharfadh fear do chúisithe suas don bhreitheamh thú, agus an breitheamh don phóilín, agus go gcuirfí i bpriosún thú.

26. Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an cianóigín deireanach díolta agat.

27. “Chuala sibh go ndúradh: ‘Ná déan adhaltranas.’

28. Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí.

29. Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann.

30. Agus más siocair pheaca duit do lámh dheas, gearr anuas í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná go rachadh do chorp ar fad isteach in ifreann.

31. “Dúradh fós: ‘Má scaoileann duine a bhean uaidh tugadh sé litir idirscartha di.’

32. Ach is é a deirimse libh, gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean, taobh amuigh de chás an striapachais, ligeann sé le hadhaltranas í, agus duine ar bith a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.

33. “Chuala sibh freisin go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná sáraigh do mhionn; déan do mhionna a chomhlíonadh don Tiarna.’

34. Ach is é a deirimse libh, gan mionn ar bith a thabhairt: gan a thabhairt dar neamh, óir is é ríchathaoir Dé é;

35. ná dar an talamh, óir is é stól a chos é; ná dar Iarúsailéim, óir is í cathair an Rí mhóir í;

36. ná mionnaigh dar do cheann ach chomh beag, mar ní féidir duit aon ribe amháin de a dhéanamh geal ná dubh.

37. Is é amháin is ráite daoibh: ‘Is ea, is ea.’ ‘Ní hea, ní hea.’ Focal thar an méid sin, is ón Olc é!

38. “Chuala sibh go ndúradh: ‘Súil ar shúil, fiacail ar fhiacail.’

39. Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin;

40. agus an té a chuirfeadh an dlí ort chun do léine a bhreith uait, scaoil leis do bhrat chomh maith.

41. An té a chuireann d'fhiacha ort dul aon mhíle amháin leis, gabh leis an dá mhíle.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 5