Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 4:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin, seoladh Íosa isteach san fhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal.

2. Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air.

3. Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”

4. Dúirt sé á fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’ ”

5. Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é

6. agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa:‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobhagus iompróidh siad thú lena lámha,sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’ ”

7. Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”

8. Rug an diabhal leis arís é faoi shliabh a bhí an-ard, thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir agus dúirt leis:

9. “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n‑umhlóidh tú síos do m'adhradh.”

10. Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”

11. Ansin d'fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.

12. Nuair a chuala sé go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl.

13. D'fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 4