Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 3:4-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin.

5. Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine,

6. agus iad ag fáil bhaiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí.

7. Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?

8. Tugaigí, más ea, toradh uaibh is dual don aithrí,

9. agus nárab áil libh a rá libh féin: ‘Tá Abrahám mar athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil d'Abrahám as na clocha seo.

10. Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.

11. Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

12. Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”

13. Tháinig Íosa i láthair ansin: ón nGailíl a tháinig, go dtí an Iordáin ag triall ar Eoin chun baisteadh a fháil uaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 3