Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 3:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia:

2. “Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”

3. Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh:“Glór duine ag éamh san fhásach:‘Réitígí bóthar an Tiarna,déanaigí díreach a chasáin.’ ”

4. Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin.

5. Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine,

6. agus iad ag fáil bhaiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí.

7. Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?

8. Tugaigí, más ea, toradh uaibh is dual don aithrí,

9. agus nárab áil libh a rá libh féin: ‘Tá Abrahám mar athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil d'Abrahám as na clocha seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 3