Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 28:5-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Labhair an t‑aingeal leis na mná agus dúirt: “Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh.

6. Níl sé anseo, mar tá sé éirithe de réir mar a dúirt sé. Tagaigí i leith breathnaigí an áit a raibh sé ina luí.

7. Agus imígí libh go tapa á insint dá dheisceabail go bhfuil sé éirithe ó mhairbh, agus tá sé ag dul romhaibh go dtí an Ghailíl: is ansiúd a fheicfidh sibh é. Sin agaibh mo scéal!”

8. D'fhág siad an tuama go tapa, agus uamhan agus ardáthas orthu, agus iad ag rith le fios an scéil chun a dheisceabal.

9. Agus seo Íosa ag teacht faoina ndéin go ndúirt: “Sé bhur mbeatha!” Dhruid siad ina aice agus rug siad barróg ar a chosa ag umhlú dó.

10. Dúirt Íosa leo ansin: “Ná bíodh eagla oraibh! Imígí, beirigí scéala chun mo bhráithre iad a dhul go dtí an Ghailíl, agus feicfidh siad ansiúd mé.”

11. Le linn dóibh sin bheith ag imeacht, seo isteach sa chathair cuid den gharda, agus d'inis siad an scéal go léir do na hardsagairt.

12. Chruinnigh siadsan agus na seanóirí le chéile agus tar éis an scéal a phlé, thug siad fáltas maith airgid do na saighdiúirí

13. ag rá: “Is é a déarfaidh sibh: ‘Tháinig a chuid deisceabal san oíche agus sinne inár gcodladh agus d'fhuadaigh siad é.’

14. Agus má thagann guth an scéil seo chun an ghobharnóra, cuirfimidne comhairle air agus saorfaimid sibhse ó imní.”

15. Ghlac siad an t‑airgead agus rinne de réir mar a dúradh leo, agus bíonn an scéal á reic i measc na nGiúdach go dtí an lá inniu.

16. D'imigh an t‑aon deisceabal déag leo go dtí an Ghailíl, go dtí an sliabh a cheap Íosa mar ionad coinne dóibh,

17. agus ar a fheiceáil dóibh d'umhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu.

18. Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 28