Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 27:35-47 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. Tar éis dóibh é a chéasadh, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn,

36. agus d'fhan siad ina suí ansiúd á ghardáil.

37. Cuireadh scríbhinn os a chionn ag insint cúis a dhaortha: “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.”

38. Ansin céasadh mar aon leis beirt robálaithe, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.

39. Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann

40. agus ag rá: “Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!”

41. Bhí na hardsagairt freisin ag fonóid faoi, in éineacht leis na scríobhaithe agus na seanóirí, agus deiridís:

42. “Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann.

43. As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’ ”

44. Na robálaithe freisin a céasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú mar an gcéanna.

45. Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair.

46. Agus timpeall an naoú huair, d'éigh Íosa de ghlór ard: “Élí, Élí, lamá sabachtání?” is é sin le rá: “A Dhia, a Dhia, cén fáth ar thréig tú mé?”

47. Dúirt cuid díobh seo a bhí i láthair, ar a chloisteáil sin dóibh: “Ag glaoch ar Éilias atá sé seo,”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 27