31. Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an fhallaing, chuir siad a chuid éadaigh féin air agus sheol siad leo é chun a chéasta.
32. Sa tslí amach dóibh, casadh fear Cuiréanach orthu arbh ainm dó Síomón; chuir siad d'fhiacha air seo a chros a iompar.
33. Agus ar theacht dóibh go dtí áit ar a dtugtar Golgotá - is é sin le rá, Áit an Chloiginn -
34. thug siad le hól dó fíon a raibh domlas tríd, ach ar a bhlaiseadh dó, dhiúltaigh sé a ól.
35. Tar éis dóibh é a chéasadh, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn,
36. agus d'fhan siad ina suí ansiúd á ghardáil.
37. Cuireadh scríbhinn os a chionn ag insint cúis a dhaortha: “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.”
38. Ansin céasadh mar aon leis beirt robálaithe, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.
39. Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann
40. agus ag rá: “Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!”