Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 27:17-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Pioláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?” -

18. mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é thabhairt ar láimh.

19. Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m'fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”

20. Ach d'áitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh.

21. Labhair an gobharnóir leo: “Cé acu den bheirt is rogha libh mé a scaoileadh chugaibh?” “Barabas!” ar siad.

22. Dúirt Pioláit leo: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?” Dúirt siad: “Céastar é!”

23. Dúirt seisean: “Ach cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a bhí siad ag screadadh: “Céastar é!”

24. Nuair a chonaic Pioláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: “Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibhse chuige.”

25. D'fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!”

26. Scaoil sé Barabas chucu ansin, ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.

27. Ansin rug saighdiúirí an ghobharnóra Íosa leo isteach sa phréatóiriam, agus chuir siad tionól ar an gcathlán go léir chuige.

28. Bhain siad de a chuid éadaigh agus ghléas siad i bhfallaing chraorag é:

29. rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann agus giolcach a chur ina láimh dheis, agus teacht ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi ag rá: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!”

30. Agus chaith siad seilí air agus bhí siad á bhualadh sa cheann leis an ngiolcach.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 27