16. Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas.
17. Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Pioláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?” -
18. mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é thabhairt ar láimh.
19. Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m'fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”
20. Ach d'áitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh.
21. Labhair an gobharnóir leo: “Cé acu den bheirt is rogha libh mé a scaoileadh chugaibh?” “Barabas!” ar siad.