Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 24:22-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin.

23. “Má deir aon duine libh an uair sin: ‘Féach, tá an Críost anseo,’ nó ‘Siúd é,’ ná creidigí é;

24. óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mb'fheidir.

25. Tá sé inste agam daoibh roimh ré.

26. Má deirtear libh, mar sin: ‘Siúd san fhásach é!’ ná téigí amach, nó ‘Seo sna seomraí cúil é,’ ná creidigí é.

27. De bhrí ar nós an splanc a éiríonn sa taobh thoir agus a bladhm le feiceáil sa taobh thiar, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.

28. Cibé áit a mbíonn an conablach, is ann a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.

29. “Tar éis trioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachta na bhflaitheas ar crith.

30. Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire.

31. Agus cuirfidh sé a chuid aingeal amach le trumpa mórghlórach ag bailiú a chuid tofach as na ceithre hairde, ó cheann ceann na bhflaitheas.”

32. Ach foghlaimígí ón gcrann fígí an parabal seo: Nuair a bhíonn an ghéag go húr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achmaireacht.

33. Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé in achmaireacht, ar an tairseach.

34. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn.

35. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 24