Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 23:21-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Agus an té a mhionnaíonn dar an sanctóir, mionnaíonn sé dar an sanctóir agus dar an té a chónaíonn ann,

22. agus an té a mhionnaíonn dar neamh, mionnaíonn sé dar ríchathaoir Dé agus dar an té atá ina shuí inti.

23. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí.

24. A ghiollaí dalla, a dhéanann an corrmhíol a shíothlú amach agus an camall a shlogadh siar.

25. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go nglanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias agus iad lán suas istigh de shlad agus d'ainmheasarthacht.

26. A Fhairisínigh dhaill, déan an taobh istigh den chupa a ghlanadh ar dtús, chun go ndéanfaí an taobh amuigh de glan freisin.

27. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar.

28. Sibhse mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus d'olcas.

29. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go dtógann sibh uaigheanna na bhfáithe agus go maisíonn sibh tuamaí na bhfíréan,

30. ag rá: ‘Dá mbeimisne suas in aimsir ár n‑aithreacha, ní bheadh aon pháirt againn leo i bhfuil na bhfáithe a dhoirteadh.’

31. Sin mar a thugann sibh fianaise in bhur gcoinne féin gur clann sibh dóibh siúd a d'imir bás ar na fáithe,

32. agus líonaigí suas tomhas bhur n‑aithreacha.

33. “A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn?

34. Sin é an fáth, féach, a bhfuilim ag cur fáithe chugaibh, agus eagnaíoch, agus scríobhaithe; déanfaidh sibh cuid acu a mharú agus a chéasadh, cuid acu a sciúrsáil in bhur sionagóga agus tóir a chur orthu ó chathair go cathair,

35. chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.

36. Deirim libh go fírinneach, tiocfaidh an méid sin uile anuas ar an nglúin seo.

37. “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!

38. Féach, fágfar agaibh bhur dteach agus é go huaigneach!

39. Óir deirim libh, ní fheicfidh sibh mé as seo amach go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 23