Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 21:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh

2. ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois;

3. scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.’ ”

4. Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh:

5. “Abraigí le hiníon Shíón:Féach, tá do rí ag teacht chugat,agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal,ar shearrach beithígh iompair.”

6. D'imigh na deisceabail agus rinne siad de réir mar bhí beartaithe ag Íosa dóibh:

7. thug siad leo an láir asail agus an searrach. Chuir siad a mbrait anuas orthu ansin agus chuaigh Íosa ina shuí orthu.

8. Agus rinne na daoine, slua an-mhór díobh, a mbrait a leathadh ar an mbóthar, agus bhí cuid eile acu ag baint craobhacha na gcrann le leathadh ar an mbóthar;

9. agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas:“Hósana do Mhac Dháiví!Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!Hósana sna harda.”

10. Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: “Cé hé seo?” deirtí.

11. Agus deireadh na sluaite: “Is é seo Íosa, an fáidh ó Nazarat sa Ghailíl.”

12. Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol.

13. Agus dúirt sé leo: “Tá scríofa: ‘Glaofar teach urnaithe ar mo theachsa’; ach tá sibhse ag déanamh uaimh robálaithe de.”

14. Tháinig daill chuige freisin agus bacaigh sa Teampall, agus leigheas sé iad.

15. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall.

16. Dúirt siad leis: “An gcluineann tú cad tá á rá acu seo?” “Cinnte!” arsa Íosa leo, “nár léigh sibh riamh é seo: ‘As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin’?”

17. D'éalaigh sé uathu, chuaigh amach as an gcathair go Béatáine agus thug sé an oíche ann.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 21