Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 21:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh

2. ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois;

3. scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.’ ”

4. Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh:

5. “Abraigí le hiníon Shíón:Féach, tá do rí ag teacht chugat,agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal,ar shearrach beithígh iompair.”

6. D'imigh na deisceabail agus rinne siad de réir mar bhí beartaithe ag Íosa dóibh:

7. thug siad leo an láir asail agus an searrach. Chuir siad a mbrait anuas orthu ansin agus chuaigh Íosa ina shuí orthu.

8. Agus rinne na daoine, slua an-mhór díobh, a mbrait a leathadh ar an mbóthar, agus bhí cuid eile acu ag baint craobhacha na gcrann le leathadh ar an mbóthar;

9. agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas:“Hósana do Mhac Dháiví!Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!Hósana sna harda.”

10. Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: “Cé hé seo?” deirtí.

11. Agus deireadh na sluaite: “Is é seo Íosa, an fáidh ó Nazarat sa Ghailíl.”

12. Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol.

13. Agus dúirt sé leo: “Tá scríofa: ‘Glaofar teach urnaithe ar mo theachsa’; ach tá sibhse ag déanamh uaimh robálaithe de.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 21