16. Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.
17. An uair sin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh:
18. “Chualathas glór i Rámácaoi agus iomad olagóin:Rachael ag caoineadh a clainne,agus nárbh áil léi sólás a ghlacadhmar nach bhfuil siad ann níos mó.”
19. Nuair a fuair Héaród bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef san Éigipt
20. agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.”
21. Dhúisigh Iósaef agus d'éirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair agus chuaigh go tír Iosrael.
22. Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle
23. agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazórach air.”