Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 19:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin, nuair a bhí an méid sin ráite aige, d'fhág Íosa an Ghailíl agus tháinig go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin.

2. Agus lean sluaite móra é agus leigheas sé iad ann.

3. Tháinig Fairisínigh chuige agus dúirt leis, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh ar gach uile shórt cúise?”

4. D'fhreagair sé agus dúirt: “Nár léigh sibh go ndearna an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann

5. agus go ndúirt: ‘Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.’

6. Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é.”

7. Dúirt siad leis: “Cén fáth, más ea, ar ordaigh Maois litir idirscartha a thabhairt le linn í a scaoileadh?”

8. “Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach,” ar seisean leo, “a thug Maois cead daoibh bhur mná a scaoileadh uaibh; ach ní mar sin a bhí ó thús.

9. Ach deirimse libh, duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus nach de dheasca striapachais é, agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas, agus an té a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.”

10. Dúirt na deisceabail leis: “Más amhlaidh sin atá an scéal ag an bhfear i leith na mná, is fearr gan pósadh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 19