Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 17:20-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh.

21. (An sórt seo, áfach, ní théann sé amach ach amháin trí ghuí agus trí throscadh.)”

22. Bhí siad i gcuideachta a chéile sa Ghailíl nuair a dúirt Íosa leo: “Titfidh sé amach go dtabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine,

23. go gcuirfidh siad chun báis é agus go n‑éireoidh sé an treas lá.” Agus ghabh buaireamh mór iad.

24. Ar theacht isteach i gCafarnáum dóibh, tháinig lucht bailithe an dá dhrachma ag triall ar Pheadar agus dúirt siad leis: “Nach n‑íocann bhur máistir an dá dhrachma?” ar siad.

25. “Íocann,” ar seisean. Ach ar dhul isteach sa teach dó, bhain Íosa tosach an scéil de á rá leis: “Do bharúilse, a Shiomóin: cé uathu a dtobhann prionsaí an tsaoil seo cíos nó cáin - an óna gclann féin nó ó choimhthígh?”

26. Nuair a dúirt sé gur ó choimhthígh, dúirt Íosa leis: “Dá réir sin, tá an chlann saor.

27. Ach le heagla go dtabharfaimis scannal do na daoine seo, téigh síos chun na farraige agus caith amach duán, agus an chéad iasc a thiocfaidh aníos tóg é agus nuair a osclóidh tú a bhéal gheobhaidh tú státar ann. Tóg é sin agus íoc leo mo tháillese agus do tháille féin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 17