Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 15:1-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig ó Iarúsailéim ansin ag triall ar Íosa Fairisínigh agus scríobhaithe a dúirt:

2. “Cén fáth a sáraíonn do dheisceabail traidisiún na sinsear? Ní dhéanann siad a lámha a ní nuair a bhíonn siad ag caitheamh a gcoda.”

3. “Agus cén fáth,” ar seisean leo á bhfreagairt, “a sáraíonn sibh féin aithne Dé ar son an traidisiúin seo agaibh?

4. Óir dúirt Dia: ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air’;

5. ach is é a deir sibhse: ‘Cibé duine a deir lena athair nó lena mháthair: “Ní ar bith de mo chuidse a d'fhéadfadh dul chun sochair duitse, táim á choisreacan don Tiarna”;

6. níl cead aige an onóir sin a thabhairt dá athair nó dá mháthair’; agus tá briathar Dé curtha ar neamhní agaibh ar son bhur dtraidisiúin.

7. A bhréagchráifeacha, is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibh nuair a dúirt:

8. ‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheolaach is fada uaim atá a gcroí:

9. Is díomhaoin dóibh bheith do m'adhradh,óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’ ”

10. Ghlaoigh sé an slua chuige agus dúirt sé leo: “Éistigí liom agus bainigí meabhair as an méid seo!

11. Ní hé an rud a théann isteach sa bhéal a dhéanann neamhghlan an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.”

12. Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: “An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?”

13. D'fhreagair sé iad agus dúirt: “Planda ar bith nárbh é m'Athair neamhaí a phlandaigh é, sracfar as a fhréamha é.

14. Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”

15. Labhair Peadar leis: “Inis dúinn ciall an pharabail úd.”

16. Dúirt Íosa: “Sibhse freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin?

17. An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é?

18. Ní ionann agus na nithe a thagann amach as an mbéal, gur as an gcroí a thagann siad, agus déanann siadsan neamhghlan an duine.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 15