Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 14:32-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. Ar dhul isteach sa bhád dóibh, thit an ghaoth.

33. Agus iad seo a bhí sa bhád, d'umhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”

34. Ar dhul trasna dóibh bhuail siad talamh ag Geinéasaireit.

35. Nuair a d'aithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn,

36. agus bhí siad á iarraidh air a ligean dóibh fiú amháin a lámh a chur le scothóg a bhrait, agus oiread díobh agus a chuir, bhí siad iomlán.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 14