Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 14:3-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é chur i ngéibheann agus i bpriosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir.

4. Mar dúirt Eoin leis: “Ní ceadmhach duit í bheith agat.”

5. Ba mhaith le Héaród é chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air.

6. Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród

7. gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a d'iarrfadh sí a thabhairt di.

8. Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.”

9. Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, d'ordaigh sé an aisce a thabhairt di,

10. agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún.

11. Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é.

12. Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin á insint d'Íosa.

13. Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha á leanúint dá gcois.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 14