Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 14:21-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.

22. Ansin chuir sé d'fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh.

23. Agus tar éis a scaoilte dó, chuaigh sé an sliabh suas ar leithligh chun guí, agus nuair a bhí an tráthnóna ann bhí sé ansiúd ina aonar.

24. Bhí an bád faoin am sin mórán staideanna amach ón talamh, á bocadh ag na farraigí, mar bhí an ghaoth contrártha.

25. Sa cheathrú faire den oíche, tháinig sé chucu ag siúl ar an bhfarraige.

26. Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla.

27. Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”

28. D'fhreagair Peadar é: “A Thiarna,” ar seisean, “más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.”

29. Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa.

30. Ach nuair a d'airigh sé chomh borb agus a bhí an ghaoth, rug an eagla air; thosaigh ag dul faoi uisce agus scread sé amach: “A Thiarna, saor mé!” ar seisean.

31. Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: “A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 14