Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 14:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. San am sin, chuala Héaród, an rí cúige, iomrá faoi Íosa,

2. agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”

3. Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é chur i ngéibheann agus i bpriosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir.

4. Mar dúirt Eoin leis: “Ní ceadmhach duit í bheith agat.”

5. Ba mhaith le Héaród é chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air.

6. Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród

7. gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a d'iarrfadh sí a thabhairt di.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 14