Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 12:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. San aimsir sin ghabh Íosa trí na goirt arbhair lá sabóide. Bhí ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ag stoitheadh na ndias agus á n‑ithe.

2. Chonaic na Fairisínigh é sin agus dúirt siad: “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide.”

3. Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh?

4. Conas mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus mar a d'ith builíní na fianaise, siúd is nár dhleathach dó féin ná dá chompánaigh iad a ithe, ach do na sagairt amháin.

5. Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu?

6. Ach deirim libh, tá ní anseo is mó ná an Teampall.

7. Agus dá mb'eol daoibh a chiall siúd: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt,’ ní dhaorfadh sibh na daoine atá gan locht.

8. Óir tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid.

9. D'fhág sé an áit sin agus chuaigh isteach ina sionagóg.

10. Bhí fear ansiúd a raibh lámh leis seargtha, agus chuir siad an cheist seo ar Íosa: “An bhfuil sé dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide?” chun go gciontóidís é.

11. Ach dúirt sé leo: “Cén duine agaibh a mbeadh an t‑aon chaora amháin aige agus go dtitfeadh sí i bpoll lá sabóide, nach mbéarfadh sé greim uirthi á tarraingt as?

12. Agus is mó is fiú duine ná caora. Dá réir sin, tá sé dleathach an mhaith a dhéanamh lá sabóide.”

13. Ansin dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus rinneadh chomh slán leis an láimh eile arís í.

14. Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.

15. Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile,

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 12