Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 11:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin, nuair a bhí deireadh na rialacha sin tugtha ag Íosa dá dháréag deisceabal, d'fhág sé an áit sin chun dul ag teagasc agus ag seanmóir ina gcathracha.

2. Chuala Eoin, agus é i bpríosún, iomrá faoi oibreacha Chríost, agus chuir sé scéala chuige trína dheisceabail féin,

3. á rá leis: “An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”

4. Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Imígí agus insígí d'Eoin a bhfuil á chloisteáil agus a fheiceáil agaibh:

5. tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.

6. Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.”

7. Le linn dóibh seo bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth?

8. Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad.

9. Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil? Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh.

10. Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air:‘Féach, cuirim mo theachtaire romhata réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’

11. “Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 11