Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 10:24-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. “Níl an deisceabal os cionn an mháistir ná an sclábha os cionn a úinéara.

25. Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?

26. Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air.

27. An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.

28. “Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.

29. Nach mbíonn na gealbhain leathphingin an péire? Agus ní thitfidh gealbhan acu as an aer gan fhios do bhur nAthair.

30. Maidir libhse, fiú amháin ribí bhur gcinn tá siad uile comhairthe.

31. Mar sin, ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibhse ná dá liacht na gealbhain!

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 10