Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 10:22-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.

23. Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.

24. “Níl an deisceabal os cionn an mháistir ná an sclábha os cionn a úinéara.

25. Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?

26. Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air.

27. An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.

28. “Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.

29. Nach mbíonn na gealbhain leathphingin an péire? Agus ní thitfidh gealbhan acu as an aer gan fhios do bhur nAthair.

30. Maidir libhse, fiú amháin ribí bhur gcinn tá siad uile comhairthe.

31. Mar sin, ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibhse ná dá liacht na gealbhain!

32. “Duine ar bith a admhóidh mise os comhair daoine, admhóidh mise eisean chomh maith os comhair m'Athar atá ar neamh.

33. Ach duine ar bith a shéanfaidh os comhair daoine mé, séanfaidh mise eisean chomh maith os comhair m'Athar atá ar neamh.

34. “Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé. Ní síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 10