Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 10:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ghlaoigh sé chuige a dháréag deisceabal agus thug dóibh údarás ar na spioraid mhíghlana chun go gcaithfidís amach iad agus go leigheasfaidís gach galar agus gach éagruas.

2. Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir,

3. Pilib agus Parthalán, Tomás agus Matha poibleacánach, Séamas mac Ailfáias agus Tadáias,

4. Síomón Díograiseach agus Iúdás Isceiriót, an fear a bhraith é.

5. Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith;

6. ní hea, ach téigí faoi dhéin chaoirigh caillte theaghlach Iosrael.

7. Agus in bhur mbóthar daoibh, bígí á fhógairt go bhfuil ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.

8. Leigheasaigí lucht tinnis, tógaigí na mairbh, glanaigí na lobhair, caithigí amach na deamhain. In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh in aisce.

9. Ná cuirigí chugaibh ór ná airgead geal ná airgead rua in bhur gcrios,

10. ná tiachóg chun an bhóthair, ná an dá léine, ná cuaráin ná bata; mar tá an fear oibre i dteideal a choda.

11. “Cibé cathair nó baile a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fiafraí ar dhuine geanúil ann, agus fanaigí aige sin nó go mbeidh sibh ag fágáil.

12. Beannaígí romhaibh isteach ansin,

13. agus más fiú an teach é tagadh bhur síocháin anuas air; mura fiú, filleadh bhur síocháin oraibh.

14. Duine ar bith nach nglacfaidh sibh agus nach n‑éistfidh le bhur mbriathra, gabhaigí amach as an teach nó as an gcathair sin agus croithigí an deannach de bhur gcosa.

15. Deirim libh go fírinneach, is saoire a bheidh ag talamh Shodom agus Ghomorá lá an bhreithiúnais ná ag an gcathair sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 10