Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 9:38-50 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

38. Dúirt Eoin leis: “A mháistir, chonaiceamar duine nach leanann sinn ag caitheamh deamhan amach i d'ainmse, agus chuireamar cosc leis mar níor lean sé inár mbuíon.”

39. Dúirt Íosa: “Ná cuirigí aon chosc leis; níl aon duine a dhéanfaidh míorúilt i m'ainmse agus a fhéadfaidh, go luath, an drochfhocal a bheith aige orm;

40. óir an té nach bhfuil inár n‑aghaidh, tá sé ar ár son.

41. “Má thugann duine ar bith cupán d'fhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh, deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil.

42. “Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b'fhearr dó go gcuirfí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a chaitheamh san fharraige.

43. Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach ná an dá láimh a bheith agat agus tú a dhul go hifreann, an tine nach féidir a mhúchadh

44. (an áit nach n‑éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine).

45. Agus más siocair pheaca duit do chos, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha bacach ná an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann

46. (an áit nach n‑éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine).

47. Agus más siocair pheaca duit do shúil, caith uait í; is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach i ríocht Dé ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann,

48. an áit nach n‑éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine.

49. Saillfear cách le tine.

50. Is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann leamh cad a chuirfidh sibh mar anlann leis? Bíodh salann agaibh ionaibh agus bíodh síocháin eadraibh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 9