Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 9:33-46 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. Tháinig siad go dtí Cafarnáum, agus sa teach do d'fhiafraigh sé díobh: “Cad a bhí á chur trí chéile agaibh sa tslí?”

34. Ach ní raibh focal astu, óir bhí siad ag díospóireacht le chéile, ar an tslí, féachaint cé acu ba mhó.

35. Shuigh sé agus ghlaoigh chuige an dáréag agus dúirt leo: “Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.”

36. Agus ag breith ar leanbh dó, chuir sé é ina sheasamh i lár baill eatarthu, agus, ag tabhairt barróige dó, dúirt sé leo:

37. “Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise, ach an té a chuir uaidh mé, a ghlacann sé.”

38. Dúirt Eoin leis: “A mháistir, chonaiceamar duine nach leanann sinn ag caitheamh deamhan amach i d'ainmse, agus chuireamar cosc leis mar níor lean sé inár mbuíon.”

39. Dúirt Íosa: “Ná cuirigí aon chosc leis; níl aon duine a dhéanfaidh míorúilt i m'ainmse agus a fhéadfaidh, go luath, an drochfhocal a bheith aige orm;

40. óir an té nach bhfuil inár n‑aghaidh, tá sé ar ár son.

41. “Má thugann duine ar bith cupán d'fhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh, deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil.

42. “Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b'fhearr dó go gcuirfí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a chaitheamh san fharraige.

43. Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach ná an dá láimh a bheith agat agus tú a dhul go hifreann, an tine nach féidir a mhúchadh

44. (an áit nach n‑éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine).

45. Agus más siocair pheaca duit do chos, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha bacach ná an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann

46. (an áit nach n‑éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine).

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 9