17. Agus d'fhreagair duine den slua é: “A Mháistir, thug mé chugat mo mhac a bhfuil spiorad balbh ann:
18. agus cibé uair a bheireann sé air, teilgeann sé ar lár é, agus bíonn cúr lena bhéal agus díoscán ar a fhiacla agus é stalctha righin. D'iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach agus chuaigh sé díobh.”
19. Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam é.”
20. Thug siad chuige é, agus an túisce a chonaic an spiorad é, bhain sé rachtanna as an ógánach, agus thit sé ar an talamh á únfairt féin agus cúr lena bhéal.
21. D'fhiafraigh Íosa dá athair: “Cá fhad atá sé seo air?” Dúirt seisean: “Ó bhí sé ina pháiste,
22. agus bíonn sé á chaitheamh isteach sa tine go minic agus san uisce freisin chun é a mhilleadh. Ach má fhéadann tú rud ar bith a dhéanamh bíodh trua agat dúinn agus cuidigh linn.”
23. Dúirt Íosa leis: “Má fhéadann tú! - Is féidir an uile ní don té a chreideann.”
24. Ghlaoigh athair an pháiste amach láithreach: “Creidim, tar i gcabhair ar mo dhíchreideamh.”
25. Nuair a chonaic Íosa slua ag bailiú go tapa, labhair sé go bagrach leis an spiorad míghlan agus dúirt leis: “A spioraid bhailbh bhodhair, táim á ordú duit, gabh amach as agus ná tar ann go deo arís.”
26. Scread sé amach, bhain sé rachtanna as go dolba, agus d'imigh amach as; agus bhí sé mar a bheadh duine marbh, sa chaoi go ndúirt a bhformhór: “Tá sé marbh.”
27. Ach rug Íosa ar láimh air agus thóg sé suas é, agus d'éirigh sé ina sheasamh.
28. Ar dhul isteach sa teach dó, d'fhiafraigh a chuid deisceabal de ar leithligh: “Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é a chaitheamh amach?”